Book Now

Treoir do Stiúrthóirí Boird maidir le Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta a Rith

Fáilte chuig an gcúrsa seo faoin Treoir do Stiúrthóirí Boird maidir le Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta a Rith.  Má tá tú ag smaoineamh ar ghlacadh le post ar Bhord, nó má tá fonn ort tástáil a dhéanamh ar do chuid eolais ar an ábhar faoi láthair, seo cúrsa dhuitse!

Is ceachtanna praiticiúla ceachtanna an chúrsa agus iad leagtha amach ionas gur féidir leat iad a dhéanamh de réir mar a bhíonn am agat chuige.

Treoracha Ginearálta

  1. Déan ceacht i ndiaidh a chéile go mbíonn iomlán an chúrsa déanta agat.  
  2. Chun athrú ó leathanach ceachta amháin go dtí leathanach ceachta eile, cliceáil ar an gcnaipe ‘Marcáil an Ceacht Críochnaithe’ atá ag bun an leathanaigh.  Ó bhíonn cliceáilte agat ar an gcnaipe ‘Marcáil an Ceacht Críochnaithe’, is féidir leat dul ar aghaidh go dtí an chéad cheacht eile sa chúrsa.
  3. bhíonn ceachtanna uile an chúrsa críochnaithe agat, tugtar deis duit an scrúdú measúnachta ceann cúrsa a dhéanamh, sraith ceisteanna le rogha freagraí. Ar an tsraith ceisteanna sin a fhreagairt go sásúil, is féidir leat Teastas Críochnaithe maidir leis an gcúrsa a íoslódáil.
  4. Is fiú duit an teastas sin a choinneáil don tráth a mbeadh deimhniú traenála de dhíth.

Chun tosú ar an gcúrsa, cliceáil ar an gceacht tosaigh sa tábla thíos.